I rith an gheimhridh d’ullmhaigh mé teach na mbeacha; píosa píopa
PVC a raibh suas le céad sorcóirí páipéir de thrastomhas 6 mm sáite ann, an píopa druidte ag foirceann amháin le
claibín daingean plaisteach. Lár Mhí
Aibreáin agus na bláthanna ar mo chrainn piorraí ar tí oscailt, chuireas an
teach ar crochadh lámh le crann díobh.
Láithreach bhí flosc faoi bhailiú na pailine, pailin a bheadh mar bhia
ag na hábhair beiche i rith an tsamhraidh.
Tar éis gur leag an bheach bhaineann ubh aonair, dhún sí isteach í le
balla láibe agus ar aghaidh léi ag bailiú a thuilleadh pailine agus ag leagadh
a thuilleadh uibheacha, ceann i ndiaidh a chéile, balla i ndiaidh balla. Faoi dheireadh Bhealtaine bhí ré na mbeach
láibe thart agus d’aistrigh mé an teach isteach sa gharáiste d’fhonn é a
chosaint ar fhoichí seadánacha. Ag
druidim le deireadh Mhí Dheireadh Fómhair, tharraing mé na sorcóirí as an
bpíopa agus sna pictiúirí thíos feicfidh sibh an próiseas.
Beach aonair á bhaint as sorcóir: láib, beach, láib
Iomlán sorcóra amháin, ceann sármhaith.
An barr ina iomlán ar ní dó le huisce d’fhonn an láib agus na fíneoga a ghlanadh de.
Caithfidh na beacha an geimhreadh sa chuisneoir san íoslach i soitheach bogthaise.