Friday, February 8, 2013

An Blizzard, Go Nuige Seo



É díreach tosaithe, ag sleamhnú chugainn ‘ar choismeig choiligh’ mar a déarfá. Ach fainic a chairde, mar is ar Army Boots a bheidh sé roimh dheireadh an lae. Troigh go leith, mo thomhas. 

Tomhas lag.  A dhá oiread sin, ar a laghad.  Ceithre throigh i mbailte eile. 
 
 
 
 
 
Aiteal faoi Shneachta 
 
 
 
An Tairseach ar Maidin
 
 
 
 
Treafa Glanta Carntha

8 comments:

  1. DAS, an bhfuil aon Ghaeilge ar "snowbound"?

    ReplyDelete
  2. N’fheadar: Cad faoi ‘sneacht-mhúrtha’ nó ‘sneachteanntaithe’. Meán oíche anseo agus mé ar mo slí go dtí an leaba, cionn is nach féidir liom rud ar bith fónta a dhéanamh go dtí breacadh an lae. Faoin am sin beidh thart ar dhá throigh againn. Níl aon chall orainn bualadh amach sa charr ach caithfidh mé an cabhsa a ghlanadh (séidire) agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil dea-bhail ar an dá chaidéal san íoslach (agus ar an gineadóir éigeandála a cheannaigh mé ar na mallaibh ar eagla go dteipfeadh ar an leictreachas), mar is orthu siúd a bheidh muid ag brath a luaithe a thosaíonn an teocht ag ardú, rud a thosóidh tráthnóna Dé Sathairn. Tá an talamh reoite agus ní beidh bealach éalaithe ag an sneacht-uisce (ionann agus dhá orlach báistí) seachas isteach sna draenacha timpeall an tí agus isteach sa chóras seamlais. Sea, aoibhinn beatha úinéir tí agus gan de chúram air ach leibhéal an uisce san sumpanna.

    ReplyDelete
  3. Bhíomar ar tnúth le Roger, aka, Fear an Chéachta le lá anuas ach b’fhánach mar thnúth é agus b’éigean dom beagán den sneachta a ghlanadh den chabhsa, sclábhaíocht nach dual don seanleaid seo. Ansin, agus muid i ngar d’am dinnéir, chualamar callán lasmuigh agus b’in an fear céanna agus Bobcat á thiomáint aige. Is cineál dozer beag é Bobcat agus buicéad-sluasaid ag gabháil leis. M’anam, ach rinne sin an jab agus creid uaim é gur jab ábhal mór ab ea é. Cuirfidh mé fótó den toradh chugaibh amárach.

    ReplyDelete
  4. Ní raibh leictreachas ná teas ag mo mhuintir thall i mBostún, a SheáinÓ, le lá nó dhó, ach tá gach rud i gceart anois.

    Cén chaoi a bhfuil sibh féin anois?

    ReplyDelete
  5. Cén caoi a bhfuil muid? Sásúil faoi láthair, agus a fhaid is a leanann an aimsir mar atá, 10ºC de ló, agus -5ºC istoíche, beimid OK, mar sé a bheidh mar thoradh ar a leithéid sin ná leá mall don sneachta, ach an talamh reoite i gcónaí sa chaoi nach mbeidh tuilte againn san íoslach. Ar dhúiseacht dom ar maidin, cloisim ceol bog an tsneacht-uisce sa ‘downspout’ (Gaeilge?) ón tsraith thiubh sneachta ar an díon.

    ‘Leáigh, leáigh, leáigh a shraith bhán,’ a chanaim, ‘leáigh a shraith bhán agus imigh uaim, leáigh go ciúin ach leáigh go mall, agus tiocfaidh blátha an earraigh i do dhiaidhse.’

    ReplyDelete