Thursday, August 16, 2012
Mise Seán, Tusa Áine
Go
tobann feicim lear mór de shean-bhlagmhíreanna ó ‘Mise Áine’ ar mo
scáileán. An amhlaidh d’éinne eile?
Wednesday, August 15, 2012
Ón bhFeirm
Cuireadh
na prátaí, ‘Norkotah’, 3 phunt díobh, 22 síolphráta, i dtalamh 16 Aibreán agus
baineadh iad inné, 14 Lúnasa. Ba sa
phlota ‘P’ (http://seano-thallisabhus.blogspot.com/2012/04/fheirm-cuid-do.html) ar an bplean a cuireadh iad, píosa talún nár fhás a dhath ann
roimhe. Tar éis gur baineadh 3 thonna
clocha as an bpaiste sin, cuireadh seagalach bliantúil ag fás ann Mí Dheireadh
Fómhair agus treabhadh an barr sin i dtalamh i lár Mhí Mhárta i mbliana. OK, a deir sibh, toradh na hoibre? Ó 3 phunt síolphrátaí, bhaineas 80 punt glan
de bharr. Agus seo pictiúr den cheann is
mó díobh. 1.032 kg, (36 unsa).
An fhaid a bhíomar sa tSeapáin, rinne na guird ionradh ar na
plandaí taobh leo; leagadh leath de na trátaí, tachtadh crann amháin úill agus
glacadh seilbh ina iomlán ar cheapach ardaithe.
Cinnte, beidh puimcíní geimhridh agus oráiste againn i gceann dhá mhí,
ach b’éigean dom an scian a tharraingt ar na féithleoga rábacha a bhí ar a
ndícheall an fheirm ar fad a ghabháil.
Rud thar a bhfaca mé riamh agus é uilig tarlaithe laistigh de choicís!! Nod don té a chuirfeadh guird: ná téigh ar
saoire agus caith súil ghéar orthu go laethúil.
Sunday, August 12, 2012
Athrú Ceannais, Sasebo, 2 Lúnasa 2012
Bain de an gleo, na bratacha agus an feisteas bán míchompordach
a chaitheann na príomhaisteoirí, agus is searmanas é atá thar a bheith simplí
agus suaithinseach. Ar eitealdeic an Bonhomme Richard tá triúr mac máthar ina
seasamh; Aimiréal agus beirt Chaptaen; duine díobh siúd ina Chomadóir, and
duine eile ina Leaschomadóir. Arsa an
tAimiréal leis an gComadóir “Léigh d’orduithe.”
‘Scar ón lonnú seo inniu agus i gceann míosa cláraigh tú
féin ag X.’
Ag díriú ar an Leaschomadóir, cuirtear an cheist chéanna.
“Glac ceannas láithreach ar PHIBRON 11.”
Cúpla focal ón Séiplíneach dírithe ar ‘An Athar Neamhaí’,
agus sin sin.
Ruaille buaille, Rí Rá, Bualadh bas. Dhá bhláthfhleasc mhóra, ceann do chéile an Chomadóra
nua, ceann do Chosantóir na mBilí agus ar aghaidh leis an gceiliúradh. Bia den scoth ó chistineacha an flotilla, ach
gan deor alcóil ar fáil.
Chéad dualgas an Chomadóra nua? Seasamh i lár an aonaigh, é timpeallaithe ag
an bPreas logánta, a theangaire oifigiúil lena ais. Chuir sé Seóthriall i gcuimhne dom. By Dad, ach tá oiliúint nach beag faighte ag
an leaid sin, a deirim liom féin.
Dhá uair a chloig ó thús go deireadh. Agus geall le bheith gach éinne bailithe leo,
tionlacann an Comadóir nua an tIarchomadóir go dtí an dug. Dhá fheadaíl, agus ón gcallaire cloistear den
chéad uair ‘Bonhomme Richard departing’, ag tagairt don Chomadóir nua agus an ‘nasc
pósta’ atá idir é agus an long.
Saturday, August 11, 2012
Feicim… Ní Fheicim
Seans ann nach ar Google atá an milleán. Seans gurb ar mo bhaithis féin atá sé, le
fíor. Cheannaigh mé fón póca, ceann atá i
bhfad níos ildánaí ná an seancheann nach n-úsáidim ach in am an ghátair. Ba le linn dom an ceann nua a chur in oiriúint
dom féin a d’éalaigh an seanbhlag uaim sa chaoi nár fhéad mé teacht air. Dar le Dennis, bhí sé ‘inutile’, ach bhí
teacht ag Aonghus air i gcónaí. In ionad
bheith ag iarraidh nithe dá leithéid a thuiscint, bhunaigh mé blag nua (An
Focal Fánach) agus ar aghaidh linn go dtí an tSeapáin. Ar fhilleadh dom, bhí teacht agam arís ar an
seanbhlag maille le gach ar scríobh mé air leis na cianta.
An Focal Fánach ar fionraí.
É rite liom go n-oirfeadh sé do ghiotaí scríbhneoireachta a mheastar go
coitianta a bheith ‘neamhoiriúnach’.
Cuir i gcás, giotaí as úrscéal liom faoin ‘Maighdean
Mhara/Selkie/Murúch. Tharla gur cáineadh
an saothar céanna le déanaí ar chúiseanna nach rabhthas sásta a mhíniú dom,
seachas a rá go raibh sé ‘neamhoiriúnach’.
(Blas caint m’athar féin ar a leithéid agus é ag bac orm (agus mé in
aois a deich) freastal ar “Juno and The Paycock”.) Pléascadh na collaíochta idir an rón-bhean
agus an feirmeoir, seans go ndeachaigh mé beagán thar fóir leis an gcur
síos. Ah, well. Ní raibh mé ach ag tarraingt as mo shaoltaithí
féin, nó sin a mhaífidh mé, pé ar bith é.
Thursday, August 9, 2012
N'fheadar Cá Raibh Sé Faoi Cheilt
OK, muid fillte abhaile ón tSeapáin agus raidhse agam le
hinsint daoibh (tráth a mbeidh mo chiall fillte orm, an t-am-mhearbhall glanta
agus cúpla uair oibre déanta sa Fheirm.
Bíodh sin mar atá, an fhadhb is mó agam faoi láthair, cá raibh an
sean-bhlag faoi gceilt?
Subscribe to:
Posts (Atom)